Féile Pheadair Uí Eochaidh – Seanchaí Deireanach Thír Eoghain

Féile Pheadair Uí Eochaidh – Deireadh Fómhair 2014

Beidh Féile Pheadair Uí hEochaidh ag toiseacht i mBliana ar an 16 Deireadh Fómhair 2015. Is é Francis Clarke a eagraíonn, garmhac de chuid Pheadair Uí Eochaidh – seanchaí deireanach Thearmainn Mhic Oirc agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain. Eagraítear an Féile i dteachín Pheadair Uí Eochaidh agus is i stíl Oíche Airnéil a bhíonn sé. Bíonn idir amhránaíocht, cheol, scéalaíocht agus dea-chuideachta ann ag an Fhéile agus daoine as cúig cúigí Éireann ag triall ann.

Thíos tá cóip de chlár a rinne mé le Raidió Fáilte as Féile Pheadair Uí Eochaidh sa bhliain 2014 mar aon leis an script dó.

AN CLÁR

Fáilte agus fiche romhaibh a chairde, tá sibh ag éisteacht le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar clár eile de chuid Aos Ceoil ar Raidió Fáilte ar 107.1FM anseo i mBéal Feirste agus ar fud na cruinne ar http://www.raidiofailte.com.

Ar an Aoine agus ar an Satharn an seachtú agus an t-ochtú lá déag de mhí Deireadh Fómhair 2014 bhí mé i láthair ag Teach Céilíthe nó Teach Airnéil i lár Thír Eoghain. Bhí muid cruinn i dteach Pheadair Uí hEochaidh – seanchaí deireanach Thír Eoghain agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha sa chontae seo. Fuair sé bás sa bhliain 1951 ach d’fhág sé neart oidhreacht ina dhiaidh.

Chuala mé faoi Pheadar Joe Ó hEochaidh don chéad uair nuair a tháinig garmhac dá chuid – Francis Clarke as Benafreaghan, An Caisleán Glas, Contae Thír Eoghain isteach chuig Raidió Fáilte ag iarraidh poiblíocht a dhéanamh do Fhéile a bhí sé ag reáchtáil. D’aontaigh mé go rachainn chuig an Fhéile ach cha raibh a fhios agam cad é le bheith ag dúil leis.

Bhuail muid, mé féin agus mo leathbhádaí Oriana, bhuail muid le bean chéile Francis, Mary san Ómaigh agus thug sí amach muid go Tearman Mhig Oirc i bParóiste an Chreagáin áit a bhfuil Teach Pheadair Uí Eochaidh. Áit iargúlta atá ann gan dabht, ar thiomáint dúinn isteach chuig clós an tí fuair muid romhainn tine cnáimhe agus seanteach nach raibh éagosúil le tithe a chonaic mé i nDeisceart Ard Mhacha le linn m’óige. Bhí díon stáin ar an teach agus bhí an fhearthainn ag greadadh ina aghaidh. Bhí an teach geal te teolaí istigh agus scaifte de cheoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe as cúig chúigí na hÉireann báilithe ann.

Bhí Micheál Ó Beaglaoich de Chlann Cáiliúil Uí Bheaglaoich  ó Bhaile na bPoc Corca Dhuibhne ann. Bhí Éamonn Ó Donncha as Baile Átha Cliatha ann a bhain gradam Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge trí uair. Agus bhí agus go leor leor eile nach iad.

Ach is le hamhrán ó cháilín áitiúil a chuirfeas muid tús leis an chlár. mar atá Deirbhle Scallon as Tír Eoghain – amhránaí galánta a bhfuil todhchaí geal amach roimpi. Seo Deirbhle agus í ag ceol – Dónall Óg.

Deirbhle Scallon – Dónall Óg – 3:46

As Coillidh Clochair taobh amuigh den Omaigh do Pheadar Mac Gabhann ó dhúchas  agus is léachtóir agus taighdeoir é in Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire. Tá saineolas aige ar cheol agus amhráin chúige Uladh agus Tír Eoghain. Seo é anois agus é ag ceol Briseadh Eachroime.

Peadar Mac Gabhann – Briseadh Eachroime – 2:08

Amhráin é sin as Uladh a scríobhadh is dócha tar éis an chogadh an Dá Rí ag deireadh an séú haois déag. Luann sé cath na Bóinne agus cath Eachroime cogaí is dócha atá fós i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.

Mar a luaigh mé cheanaféin thaisteal Micheál Ó Beaglaoich as Baile na bPoc Contae Ciarraí an bealach ar fad as Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh sa siamsaíocht i dTearmann Mhig Oirc áit a raibh Féile Pheadair Joe Uí hEochaidh ar siúl. Is cara mór é Micheál Ó Beaglaoich le muintir Thír Eoghain agus is aige a bhfuil croí mór maith agus guth breá láidir. Duine de chlann ceolmhar Uí Bheaglaoich a chan go hálainn le linn an oíche airnéil.

Seo chugaibh é agus é ag canadh amhráin in ómós do Sheanchaí deireanach Thír Eoghain Peadar Joe Ó hEochaidh seo – Bruach na Carraige Báine.

Bruach na Carraige Báine – 4:26

Seanchaí ab é Peadar Joe Ó hEochaidh mar sin tá sé feiliúnach go raibh cuid seanchas Thír Eoghain le cluinstin le linn an Fhéile seo a chuir a gharmhac Francis Clarke ar siúl in ómós dó. Cluinfidh muid triúir de bhunadh Thír Eoghain Caoimhín Mag Uiginn, Sinéad Ní Mhearnóg agus Proinsias Ó Fearaigh ag aithris scéal de chuid Eoin Uí Chianáin. Tá an scéal seo ar fáil sa leabhar Scéalta Mhuintir Luinigh. Rinneadh taifead ar Eoin Ó Cianáin. Duine de na cainteoirí dúchais deireanach i dTír Eoghain ab ea é Eoin Ó Cianáin. Seo an scéal – An fear a raibh bean dheas aige

An fear a raibh bean dheas aige – 5:01

Ag tús an chláir chuala muid amhrán ó Deirbhle Scallon bhuel anois tá muid ag dul éisteacht le Deirbhle in éineacht lena triúir deirfiúracha. Ceoltóirí galánta as Tír Eoghain. Seo Deirbhle,  Ursala, Bróna agus Aoibhinn Scallon agus iad ag ceol Cumhadh an Oileáin. Amhrán fá Ghabhla i dTír Chonaill.

Cumhadh an Oileáin – 4:13

Tá Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada buaite Éamonn Ó Donnchadha trí uair ag Oireachtas na Gaeilge. Is é Corn Uí Riada an gradam is airde dá bhfuil ar fáil don amhránaíocht traidisiúnta ar an sean-nós agus ba mhór an ónóir Éamonn Ó Donncha a bheith i láthair ag Féile Pheadar Uí hEochaidh i dTír Eoghain. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas d’Éamonn ach tá sé ag cur faoi i Rath Cairn anois. I láthair fósta bhí a bhean chéile Máiréad Ní Cheallaigh. Is mór an ionspioráid a fuair Éamonn ó Mháighréad le bheith ag dul i mbun ceoil Beidh muid ag éisteacht le hamhrán nó dhó ó Mhaighréad níos moille ach roimhe sin cluinfidh muid Éamonn agus é ag ceol leagain Chonamara d’amhrán as Cúige Uladh – Is é sin An Bonnán Buí a chum Cathal Buí Mac Giolla Ghunna.

Éamonn Ó Donncha – An Bonnán Buí – 5:06

Mar a dúirt mé cheana féin bhí bean chéile Éamoinn Uí Dhonncha – Máiréad Ní Chealla i láthair ag an Fhéile. Is as Leitir Mór i gCeantar na nOileán Conamara í Maighréad agus is léir gur thóg sí na hamhráin dhúchais léi ón chliabhán.

Seo chugaibh anois í agus í ag canadh Tomás Bán Mac Aogáin

Maighréad Ní Chealla – Tomás Bán Mac Aogáin  – 5:34

Thóg muid sos ón cheol agus thosaigh muid ar an chainte. Is Peadar Ó hEochaidh a bheadh sásta leis an chomhluadar. Bhí ceapairí agus stobhac agus cupáin tae déanta agus Francis agus Mary Clarke dúinn.

Is Coillidh Clochair i gContae Thír Eoghain an chéad cheoltóir eile agus creid é nó ná creid an chéad amhrán eile “Ó Ró Sé do Bheatha Bhaile”. I ndiaidh Amhráin na bhFiann is dócha gur seo an t-amhrán is cáiliúla ar fad sa Ghaeilge ach is é Pádraig Mac Piarais a chuir na focail leis an leagan atá i mbéal an phobail inniu. Míníonn Peadar Ó hEochaidh gur as Coillidh Clochair ó thús an t-amhrán seo. Éistfidh muid le Peadar ag aithris leagain Choillidh Chlochair den amhrán agus ansin cluinfidh muid píosa faoi bhunús an amhráin chéanna ó bhéal Pheadair féin.

Ó Ró ’sé do Bheatha ’bhaile

Amhrán eile Eoghanach a bhí ag Cathal Ó Donnaille as Baile na Scréine i gcontae Dhoire – seo gairmshlua catha na Néilleach – Máirseáil Chlann Uí Néill.

Cathal Ó Donnaille – Máirseáil Chlann Uí Néill

Chuir muid deireadh le siamsa na hoíche sin, céadoíche Fhéile Pheadar Uí Eochaidh, le hamhráin agus le foinn. Chuir Mary Clarke tae agus anraith, stobhac agus ceapairí ar fáil dúinn. Agus is iad a bhí blasta tar éis oíche fhada ceoil agus amhráin.

Maidin lá arna mhárach thriall muid ar ais ar Thearmann Mhig Oirc i ndiaidh codhladh fada suaimhneach i dtíthe saoire sa Chréagán áit a bhfuil ionad breá pobail. Bhí tírdhreach álainn lár Thír Eoghain le feiceáil go soiléir le solas lae agus b’aoibheann liom a bheith ar ais sa tseanteach le haghaidh níos mó ceoil agus amhrán an t-am seo le buaiteoirí Fhleadh Cheoil na hÉireann.  CLuinfidh muid anois James McCaffery as an Droim Mhór contae Thír Eoghain agus é ag seinm na feadóige móire in éineacht le Martin Treacy an an Bhotha i gcontae Fhear Manach.

Ríleanna Martin Treacy agus James McCaffery

Tá sibh ag éisteacht le eagrán speisialta d’Aos Ceoil anseo ar Raidió Fáilte agus muid i dTearmann MhigOirc, An Créagán Chontae Thír Eoghain le haghaidh Féile Pheadair Joe Uí hEochaidh.

Chuala muid  Martin Treacy agus James McCaffery ansin ar an bhosca ceoil agus ar an fheadóg mhór – beirt a bhfuil scoth an cheoil acu.

I láthair in éineacht le Martin agus James bhí beirt as Fear Manach mar atá Séamas McPhillips agus John Breen. Thóg Séamas agus John an ceol ón chliabhán agus tá seanstíl Fhear Manach le háireamh ar a gcuid ceoil. Seo chugaibh anois iad agus iad ag seinm . . .

Is le píosa ceoil ó Martin Treacy agus James McCaffery atá muid ag gabháil sibh a fhágáil.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na ceoltóirí ar fad a ghlac páirt sa chlár seo agus le Mary agus Francis Clarke as an fháilte fial a chur siad romhainn. Ó Aos Ceoil ag Féile Pheadair Uí hEochaidh i dTearmann Mhig Oirc Contae Thír Eoghain – slán agus beannacht.

 

 

 

Tags: , , , , ,

Leave a comment