An Ghaeilge agus na Meáin Bhéarla

An bhfuil na Gaeil ag gabháil cead a thabhairt do na meáin Bhéarla sa tír seo ár bpobal a shainmhíniú dúinn? An bhfuil muid ag gabháil ligean daofa a rá cé muid féin?

Ní ligfidh dár ndóigh, déanfaidh muid féin é sin! Agus tá sé de ghléas againn é a dhéanamh.

Nuair a deir amadán amháin d’iriseoir rud sna meáin Bhéarla le cur isteach orainn tosaímid ag troid ar ais leo. Is gaiste é seo! Agus thit muid uilig isteach ann uair nó dhó. An patrún a bhíonn ann ná: scríobhann nó deir iriseoir nó láithreoir raidió neamhaitheanta gan tallann rud éigin ag caitheamh anuas ar an teanga agus tosaíonn muidinne ag cosaint na teanga; ansin tig duine ó phobail an Bhéarla isteach lena dtuairimí féin a chur in iúl, cuid acu i bhfabhar na teanga cuid acu ina héadan.

Déanann seo dochar leanúnach do stadas na teanga sa tír seo agus cuireann sé lagmhisneach ar lucht a labhartha.

Dá mbeinn le tomhas a dhéanamh ar cad chuige a dhéanann na mórmheáin chumarsáide ionsaí orainn déarfainn toisc go bhfuil sé furasta acu é a dhéanamh. Díreach mar atá sé furasta acu ionsaí a dhéanamh ar mhionghrúpaí eile ar nós pobal eitneach, lucht taistil, lucht cosaint na timpeallachta nó lucht rothaíochta go fiú. Tá siad beo ar choimhlint. Seo a dhíolann a nuachtáin agus sin a choinníonn na fógraí, agus dá réir sin, an t-airgead ag teacht isteach.

Taobh amuigh de seo, is fusa dul i bhfeidhm ar phobal le bréagdhóchas na n-earraí tráchtala nuair nach bhfuil oideachas, stair, cultúr ná teanga dá gcuid féin acu. Mar a dúirt Seosamh Mac Grianna (i gcomhthéacs eile):

Nuair a thiocfadh glún a bheadh chomh hamáideach le trompa gan teanga b’fhurasta a dhul i gceann an Bhéarla.

Méan Cumarsáide Saor Láidir, Gaelach atá uainn

Má tá muid le muid féin a chosaint ní mór dúinn tógáil ár ar gcuid láidreachtaí. Tá léar mór cuideachtaí meáin againn atá ag déanamh gaisce in ainneoin na n-ainneoin. Caithfidh muid tacaíocht a thabhairt do TG4, RnaG, Tuairisc.ie, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Nós, Comhar, Feasta, An tUltach, Mionlach. Caithfidh muid an Ghaeilge a labhairt go poiblí, go hard, go hoscailte, gan náire, gan leithscéal. Caithfidh muid cultúr áiltéarnach láidir a chruthú in Éirinn a bheidh feiceálach, muiníneach, bródúil. Níl aird na meán Béarla ag teastáil uainn ach tá cuid againn ag dúil go mór le haitheantas a fháil uathu. Cad chuige?

An té nach trua leis do chás ná déan do ghearán leis

Is cur amú fuinnimh a bheith ag iarraidh dul i bhfeidhm ar mhórphobal an Bhéarla trí dhíospóireachtaí a dhéanamh le biogóidí. Cad é a bheadh i gclár TV3 aréir dá ndiúltódh na Gaeil amharc air ná páirt a ghlacadh ann ach broim sa ghaoth. Racht ghambúnach ó fhir chrosta shearbha nach bhfuil a dhath ar bith níos fearr le déanamh acu ach an sásamh a bhaint as saoil daoine eile le caint bhaoth bhománta nimhiúil shuarach ghránna.

Nuair a dhéanann muidinne atweetáil ar na scéalta seo, nuair a chuirimid glaoch ar na stáisiúin raidió tráchtála Béarla seo, nuair a dhéanaimid díospóireacht leo ar an teilifís, nuair a amharcaimid ar á gcláracha, nuair a léimid na hailt nimhiúla, cuirimid leis an lucht éisteachta, féachana, agus léitheoireachta s’acu, cuirimid leis an méid cliceanna a fhaigheann siad agus leis an bhrabús a fhaigheann siad dá réir; Ní hámháin sin ach laghdaímid lucht féachana agus éisteachta agus léitheoireachta na meán Gaeilge agus dá réir sin a gcumas airgead a thuilleadh. Mar is sinne an sprioclucht féachana don dá dream!

Ach níos tromchúisí ná sin uilig, tig lagbhríocht, beaguchtach, easpa dóchais, easpa misnigh agus fearg ar ár bpobal ar léamh na scéalta seo dúinn.

Ní Neart go Cur le Chéile

Bheadh sé deas dá mbeadh níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge in Éirinn ach i ndáiríre ní fás phobal na Gaeilge an rud is práinní atá againn le déanamh. An rud is gá dúinn a dhéanamh ná ár bpobal a aontú. Iad a aontú taobh thiar de ghluaiseacht láidir le sprioc soiléir: acmhainní níos fearr don ghlúin óg agus don ghlúin atá ag teacht inár ndiaidh a bhaint amach; Níos mó seirbhísí mheán cumarsáide, níos mó irisí, leabharthaí, aipeanna, scannán agus cláracha teilifíse; níos mó post, scoileanna, agus oideachas tríú leibhéal.

Chun seo a bhaint amach ní mór dúinn tacú leis agus tógáil ar na meáin Ghaeilge. Príomhghuth cumarsáide na nGael anseo in Éirinn agus níos faide i gcéin. Ceannaigí Comhar, Feasta, Mionlach! Éistigí leis na stáisiúin raidió Ghaeilge! Léigí leabharthaí Gaeilge! Déanaigí bhur gcuid poiblíocht sna meáin Ghaeilge! Amharcaigí ar TG4! Bainigí sult as na meáin Ghaeilge! Glacaigí páirt sna meáin Ghaeilge! Déanaigí clár raidió ar an stáisiún áitiúil Gaeilge! Cuirigí bhur bpáistí ag amharc ar na cláir ar TG4! Bígí ag tweetáil i nGaeilge agus bígí ag scríobh Gaeilge ar Facebook!

Nuair a bheidh na meáin chumarsáide láidir cumhachtach againn agus pobal de 100,000 duine ar bhun laethúil mar lucht féachana, éisteachta agus léitheoireachta acu is ansin a bheidh aird ag an rialtas orainn agus is ansin a bheidh luach lenár vóta agus lenár dtuairim. Tá sé fúinn an fhorbairt seo a dhéanamh.

Éalú

IMAG1290

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Éalú

Is mian liom éalú

seal tamailt

ó oileán seo na ndualgas

ó dhúchas seo na cinniúna

ón chine seo a ghin mé

ó chloch agus ó chlé

ó na tonnta móra farraige

ag briseadh ar an chéibh

 

Is mian liom fanacht

seal tamailt

ar shiúl ón troid is tormán

ón ghleo agus ón anró

atá linn ó bhriseadh Chionn tSaile

go cath Dhroim gCríoch

ón streachailt síoraí

idir Gall is Gael ar oileán seo ár ndúchais

 

Is mian liom súgradh

seal tamailt

ar mhór-roinn an damhsa

agus mo chluasa a líonadh

le ceol na gcanúintí coimhíocha

ag caint go súgach sámh

i measc ghliogaireacht na ngloiní

sa chaife beag cois sráide

 

Titeann uaim brón is buairt an oileáin thíos

agus gob an eitleáin ag briseadh tríd na néalta

Slán le Loch Lao, Loch Cuain is Beanna arda Boirche

is mé ag triail ar thír na meala ag bun na spéire

 

Le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Samhain 2013

 

(véarsa a dó cumtha in 2018)

 

 

Nuair a lasadh na soilsí . . .

An Teach OighirNuair a lasadh na soilsí múchadh an tsamhlaíocht agus na traidisiúin. Thóg An Lone Ranger agus Tonto áit Fhinn agus Bhalor agus rinne Elvis Presley smionagar d’Úirchill an Chréagáin. Ní raibh mise ann ach tchínn na huirlisí feirme gan feidhm, an teallach agus an sorn. Bhíodh an tseanchuinneog bhainne ina luí briste sa gharraí agus an dabhach uisce stáin in úsáid le bláthanna a choinneáil ann. An tseaninneoin sa sciobail ar chúl an tí áit ar ghnách leis an ghréasaí bróg leathbhonnaí a cheartú.

Cha raibh a fhios ar bith ag mo sheantuismitheoirí cad é an t-athrú a bhí siad i ndiaidh a thabhairt isteach ná aon bhealach éalaithe acu ón nua-aimsearachas do-stoptha a bhí i ndiaidh teacht i dtír ón imigéin mar a bheadh tonn rabharta ann.

Tharla an rud céanna le linn mo ghlúine féin, glúin na mílaoise, ar theacht na nguthán póca agus an idirlín. I gceann 20 bliain beidh glúin ann nach mbeidh páipéar nuachtáin ná leabhar gutháin feicthe acu.

Tá saol an chine daonna athraithe as cuimse le dhá chéad bliain anuas de bharr forbairtí teicneolaíochta. Ar dtús galchumhacht, grianghraif, leictreachas, an ceirnín, an rothar, an raidió, an t-inneall dócháin inmheánaigh, an t-éitleán, an t-inneall scairde, an scannán, an roicéad, an spáslong, an CPU agus an mhicrishlis.

Agus níl ansin ach sciair bheag de na forbairtí atá i nidiaidh teacht chun cinn le 200 bliain anuas. Gan trácht ar fhorbairtí curaíochta ar nós an tarracóra nó an comhbhuainteora a chuir deireadh leis an mheitheal oibre agus na traidisiúin a bhain leis. Níor luaigh mé ach oiread forbairtí ar nós an LASER agus teicneolaíocht CNC chun ábhar a mhúnlú. Níor luaigh mé concréit thréisithe ná tarmac agus na mílte forbairtí eile i réimsí na hinnealltóireachta.

San Éigipt domh chonaic mé daoine fasta ar mhuin asailín agus capaill agus trucail ar an phríomhbhóthar le taobh lóraithe móra agus Mercedez Benz. Mar sin, is léir nach bhfuil na seanbhealaí iomlán marbh. Bhí fear amháin ann ag brú capall tanaí suas cnoc agus ualach mór á tharraingt aige ar leantóir a bhí déanta le haghaidh tarracóirí. Bhí an capall ag streachailt leis an ualach a bhí le tarraingt aige agus an fear á bhualadh le báta. Is léir fosta nach raibh na seandóigheanna gan a gcuid lochtanna.

Mar sin de, an bhfuil aon spás ann do rudaí a bhain leis an seansaol, an saol inar mhair an cine daonna leis na mílte bliain? An mbeidh orainn pilleadh ar chuid de na huirlisí seo amach anseo? Cad é an mhaith an tine a lasadh nuair is féidir leat an teas lárnach a réiteach le do ghuthán póca?

D’eascair cuid mhaith den rud ar a dtugaimid an cultúr Gaelach inniu as an saol seo. Saol na tuaithe roimh aois na tionsclaíochta – saol tuaithe curaíochta agus saol na saor agus na ceardaíochta. Cuir i gcás ár gcuid amhrán – Bean an Fhir Rua, Ceol an Phíobaire agus Seachrán Charn tSiadhail. Tá tagairtí sna hamhráin sin do cheirdeanna nach bhfuil ann a thuilleadh, An siostalóir, an tailliúir, an fíodóir an úcaire. Nó an rud ar a dtugaimid ceol traidisiúnta na hÉireann – nach bhfuil ann dáiríre ach ceol damhsa na tuaithe ón 18ú agus 19ú haois agus dlúthbhaint aige le hobair agus saol na tuaithe.

An dtig linn a bheith ag dúil le hamhráin i nGaeilge faoin Oifigeach Sláinte agus Sábhailteachta nó faoin Bainisteoir Foirne. Nó an mbeidh daoine ag bualadh suas poirt ar an fhidil tar éis shift oibre i McDonald’s?  Tig John Spillane agus an Dunnes Stores Girl chun m’intinne.

Seans ann go bhfuil ceol nua de dhíth orainn. Ceol a oireann don aonú haois is fiche agus a phléann le cúrsaí ár linne. Ní hé seo le rá go gcaithfidh muid na sean-amhráin agus traidisiúin a chaitheamh amach. Tá gá ann leis an dá rud le go mbeidh radharc againn ar an méid a chuaigh romhainn agus an méid atá le teacht. Ag amharc siar dúinn ar na sean-amhráin is léir gur dream croíúil mothálach ár sinsir ach bhí siad fosta beo bocht agus iomlán spleách ar an tuath agus ar thiarnaí talún gan trócaire.

Tá sé tábhachtach fios a bheith againn ar an stair seo ach tá sé tábhactach fosta go mbeadh saol an lae inniu á phlé in amhráin ar an stíl traidisiúnta. Ceol a bhfuil dóchas agus spioradáltacht ag baint leis. Ceol a bhéarfeadh íocshláinte dúinn ó chruatáin agus ó bhrú an lae inniu.

Todhchaí na Gaeilge

Roinnt smaointí a ritheann liom (go minic)

Dream Dearg

Amanna mothaím agus mé ag labhairt faoin Ghaeilge le lucht an Bhéarla in Éirinn go mbaintear siar astu nach bhfuil sí níos cosúla leis an Bhéarla a labhraíonn siadsan. Go deimhin, síleann cuid acu gur rud iontach dúchasach cuid de na frásaí Béarla a deir siad fhéin ar bhonn laethúil. Frásaí a tháinig chugainn caol díreach ó Shasana nó ó Albain don chuid is mó iad. Tá cuid mhór de mhuintir na hÉireann i ndiaidh bogadh chomh fada sin ar shiúl óna ndúchas gur ar éigin a aithníonn siad é. Is rud coimhthíoch daofa é. Agus is é seo mórthragóid stair na hÉireann. Is é seo faoi deara cuid mhór den bhrón is den bhuairt a fheicimid anseo in Éirinn agus go deimhin ar fud an domhain le corradh agus dhá chéad bliain anuas. Bás cultúrtha, bás teanga agus bás cine. Is rud gránna é cultúr nó teanga a chailleadh ach tá dóchas ann mar is rud aoibhinn an cultúr a fháil ar ais. Is rud aoibhinn atá ann bheith ábalta an t-eolas a fuair tú fhéin ar do chultúr a roinnt le ní amháin daoine as an tír seo ach le daoine as fud fad an domhain bíodh gaol acu le hÉirinn nó bíodh an Ghaeilge ina hábhar suime acu.

Le breis agus 100 bliain anuas is ar an oideachas a chuir muid an bhéim inár gcuid iarrachtaí leis an Ghaeilge a athbheochan. Agus go deimhin le 30 bliain anuas is sa Ghaeloideachas atá muid ag cur ár ndóchais. Gan amhras ar bith, is maith ann don Ghaeilge sna scoileanna agus is gné rí-thábhachach do thodhchaí na teanga an Ghaeloideachas ach ní leor é má tá muid ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge á labhairt go forleathan sa tír arís nó go mbainfidh muid an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil amach taobh istigh de 12 bhliain https://tuairisc.ie/250000-cainteoir-gaeilge-laethuil-faoi-2030-sprioc-an-stait-ag-dul-in-aifeise/. Níl san oideachas ach gné amháin dár saol. Ní mór go mbeadh ollscoil le Gaeilge, ceardscoileanna le Gaeilge agus postanna le Gaeilge ina dhiaidh seo.

Nuair a smaoiním ar an Ghaeilge sna scoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus fiú ar na Gaelscoileanna ritheann an seanfhocal liom: “is féidir capall a thabhairt chun an tobair ach ní féidir tabhairt air ól You can take a horse to water but you can’t make him drink. Tá muid ag teagasc na Gaeilge do na mílte duine sa tír seo achan bhliain ach is fíorbheagán acu a chleachtaíonn í mar theanga labhartha laethúil. B’fhéidir go labhródh siad cúpla focal thall is abhus nó go n-úsáidfidh siad í agus iad ar laethanta saoire d’fhonn na rúndachta ach ní leor é. Baineann seo le heaspa deiseanna ann an teanga a labhairt. Easpa spáis don Ghaeilge inár sochaí.

Fríd is fríd, creidim gur fíor a rá gurb iad na daoine a thógtar le Gaeilge nó a fhaigheann fíorspreagadh ón bhaile ó thuismitheoirí (bíodh Gaeilge acu nó nach mbíodh) a bhfuil fíormheas acu ar an teanga, is iad sin na daoine a rachaidh ar aghaidh leis an teanga a labhairt. Caithfidh muidinne bheith ag díriú ar na daoine sin agus ag freastal orthu agus á spreagadh lena gclann fhéin a thógáil leis an teanga. Chomh maith leis sin caithfidh muid spás nua a chruthú don teanga. Gaeltachtaí beaga úra ina mbíonn an Ghaeilge chun tosaigh iontu, feiltí, ocáidí, cainteanna, clubanna, ceardchumainn, cuideachtaí.  Chomh maith le tacaíocht láidir a chur ar fáil do na Gaeltachtaí atá ann cheanafhéin áit a bhfuil an Ghaeilge ina teanga bheo agus saibhreas ar leith teangan agus cultúrtha ann.

Tá iarrachtaí mar seo ar bun cheanafhéin i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste, Rath Cairn, Carn Tochair, Ard Mhacha, Gaillimh, agus go deimhin sna Gaeltachtaí in iarthar na tíre. Ritheann na PreabGhaeltachtaí liom, na foirne peile – na Gaeil Óga, Laochra Loch Lao, agus Gaeil na Gaillimhe, Cairde Teo in Ard Mhacha, Féile na Gealaí, Liú Lúnasa, An Caberet Craiceáilte, TG Lurgan, an Chultúrlann i mBéal Feirste, Áras Mhic Reachtain agus Cumann Chluain Árd.

Ach tá áiteanna ann a mbíodh gluaiseachtaí láidre Gaeilge iontu fadó atá i ndiaidh imeacht i léig. Áiteanna a raibh Conradh na Gaeilge láidir iontu. Áirím Dún Dealgan áit a raibh gluaiseacht Gaeilge fíorláidir ann sna hochtóidí agus nochaidí. Gluaiseacht a chuaigh siar go dtí Gaeltachtaí Uí Mheith agus Ard Mhacha Theas. Is beag rian den ghluaiseacht seo atá le mochtáil inniu dar liom. Faigheann cuid de na seanfhondúirí bás agus tig stop leis an ghluaiseacht. Tá sé tábhachtach an bhladhm a choinneáil lasta agus an lóchrann a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Tá sé tábhachtach go mbeadh daoine óga ar na coistí agus go gcuirfear cuireadh orthu, fáilte rompu agus go mbeadh muinín ag daoine astu.

Ní mór dúinn an móiminteam a choinneáil ag gabháil agus gan ligean dó meathlú. Cad é a tharla mar shampla do na daoine uilig a bhí chun tosaigh i ngluaiseacht na Gaeilge ag tús an chéid seo caite. Dá dtógfadh na daoine seo a gclann le Gaeilge céad bliain ó shoin bheadh na céadta mílte daoine ag labhairt Gaeilge fud fad na tíre anois. Caithfear fréamhacha domhain a leagan síos agus seasamh go daingean leis an teanga le go bhfásfaidh sí i do cheantar fhéin, i do theach fhéin agus i d’intinn fhéin.

Aithreachas an Ragairne

Scríobh mé an dáinín beag seo i ndiaidh domh oíche go maidin a dhéanamh sa chathair cois cuain. Dar liom gurbh bhreá liom éalú go dtí an áit inár rugadh mé agus siúlóid a dhéanamh cois abhainn na Banna cosúil leis na siúlóidí a rinne mé le linn m’óige.

Aithreachas an Ragairne

dáinín le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh

Tinn tuirseach de choirm agus de cheol

poit mhillteanach ag dalladh mo mheoin

siúlóid fada taobh leis an abhainn

saol súgach sámh uaim ó mhaidin go neoin

 

 

Féile Pheadair Uí Eochaidh – Seanchaí Deireanach Thír Eoghain

Féile Pheadair Uí Eochaidh – Deireadh Fómhair 2014

Beidh Féile Pheadair Uí hEochaidh ag toiseacht i mBliana ar an 16 Deireadh Fómhair 2015. Is é Francis Clarke a eagraíonn, garmhac de chuid Pheadair Uí Eochaidh – seanchaí deireanach Thearmainn Mhic Oirc agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha i dTír Eoghain. Eagraítear an Féile i dteachín Pheadair Uí Eochaidh agus is i stíl Oíche Airnéil a bhíonn sé. Bíonn idir amhránaíocht, cheol, scéalaíocht agus dea-chuideachta ann ag an Fhéile agus daoine as cúig cúigí Éireann ag triall ann.

Thíos tá cóip de chlár a rinne mé le Raidió Fáilte as Féile Pheadair Uí Eochaidh sa bhliain 2014 mar aon leis an script dó.

AN CLÁR

Fáilte agus fiche romhaibh a chairde, tá sibh ag éisteacht le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar clár eile de chuid Aos Ceoil ar Raidió Fáilte ar 107.1FM anseo i mBéal Feirste agus ar fud na cruinne ar http://www.raidiofailte.com.

Ar an Aoine agus ar an Satharn an seachtú agus an t-ochtú lá déag de mhí Deireadh Fómhair 2014 bhí mé i láthair ag Teach Céilíthe nó Teach Airnéil i lár Thír Eoghain. Bhí muid cruinn i dteach Pheadair Uí hEochaidh – seanchaí deireanach Thír Eoghain agus duine de na cainteoirí dúchais deireanacha sa chontae seo. Fuair sé bás sa bhliain 1951 ach d’fhág sé neart oidhreacht ina dhiaidh.

Chuala mé faoi Pheadar Joe Ó hEochaidh don chéad uair nuair a tháinig garmhac dá chuid – Francis Clarke as Benafreaghan, An Caisleán Glas, Contae Thír Eoghain isteach chuig Raidió Fáilte ag iarraidh poiblíocht a dhéanamh do Fhéile a bhí sé ag reáchtáil. D’aontaigh mé go rachainn chuig an Fhéile ach cha raibh a fhios agam cad é le bheith ag dúil leis.

Bhuail muid, mé féin agus mo leathbhádaí Oriana, bhuail muid le bean chéile Francis, Mary san Ómaigh agus thug sí amach muid go Tearman Mhig Oirc i bParóiste an Chreagáin áit a bhfuil Teach Pheadair Uí Eochaidh. Áit iargúlta atá ann gan dabht, ar thiomáint dúinn isteach chuig clós an tí fuair muid romhainn tine cnáimhe agus seanteach nach raibh éagosúil le tithe a chonaic mé i nDeisceart Ard Mhacha le linn m’óige. Bhí díon stáin ar an teach agus bhí an fhearthainn ag greadadh ina aghaidh. Bhí an teach geal te teolaí istigh agus scaifte de cheoltóirí, amhránaithe agus scéalaithe as cúig chúigí na hÉireann báilithe ann.

Bhí Micheál Ó Beaglaoich de Chlann Cáiliúil Uí Bheaglaoich  ó Bhaile na bPoc Corca Dhuibhne ann. Bhí Éamonn Ó Donncha as Baile Átha Cliatha ann a bhain gradam Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge trí uair. Agus bhí agus go leor leor eile nach iad.

Ach is le hamhrán ó cháilín áitiúil a chuirfeas muid tús leis an chlár. mar atá Deirbhle Scallon as Tír Eoghain – amhránaí galánta a bhfuil todhchaí geal amach roimpi. Seo Deirbhle agus í ag ceol – Dónall Óg.

Deirbhle Scallon – Dónall Óg – 3:46

As Coillidh Clochair taobh amuigh den Omaigh do Pheadar Mac Gabhann ó dhúchas  agus is léachtóir agus taighdeoir é in Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire. Tá saineolas aige ar cheol agus amhráin chúige Uladh agus Tír Eoghain. Seo é anois agus é ag ceol Briseadh Eachroime.

Peadar Mac Gabhann – Briseadh Eachroime – 2:08

Amhráin é sin as Uladh a scríobhadh is dócha tar éis an chogadh an Dá Rí ag deireadh an séú haois déag. Luann sé cath na Bóinne agus cath Eachroime cogaí is dócha atá fós i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann.

Mar a luaigh mé cheanaféin thaisteal Micheál Ó Beaglaoich as Baile na bPoc Contae Ciarraí an bealach ar fad as Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh sa siamsaíocht i dTearmann Mhig Oirc áit a raibh Féile Pheadair Joe Uí hEochaidh ar siúl. Is cara mór é Micheál Ó Beaglaoich le muintir Thír Eoghain agus is aige a bhfuil croí mór maith agus guth breá láidir. Duine de chlann ceolmhar Uí Bheaglaoich a chan go hálainn le linn an oíche airnéil.

Seo chugaibh é agus é ag canadh amhráin in ómós do Sheanchaí deireanach Thír Eoghain Peadar Joe Ó hEochaidh seo – Bruach na Carraige Báine.

Bruach na Carraige Báine – 4:26

Seanchaí ab é Peadar Joe Ó hEochaidh mar sin tá sé feiliúnach go raibh cuid seanchas Thír Eoghain le cluinstin le linn an Fhéile seo a chuir a gharmhac Francis Clarke ar siúl in ómós dó. Cluinfidh muid triúir de bhunadh Thír Eoghain Caoimhín Mag Uiginn, Sinéad Ní Mhearnóg agus Proinsias Ó Fearaigh ag aithris scéal de chuid Eoin Uí Chianáin. Tá an scéal seo ar fáil sa leabhar Scéalta Mhuintir Luinigh. Rinneadh taifead ar Eoin Ó Cianáin. Duine de na cainteoirí dúchais deireanach i dTír Eoghain ab ea é Eoin Ó Cianáin. Seo an scéal – An fear a raibh bean dheas aige

An fear a raibh bean dheas aige – 5:01

Ag tús an chláir chuala muid amhrán ó Deirbhle Scallon bhuel anois tá muid ag dul éisteacht le Deirbhle in éineacht lena triúir deirfiúracha. Ceoltóirí galánta as Tír Eoghain. Seo Deirbhle,  Ursala, Bróna agus Aoibhinn Scallon agus iad ag ceol Cumhadh an Oileáin. Amhrán fá Ghabhla i dTír Chonaill.

Cumhadh an Oileáin – 4:13

Tá Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada buaite Éamonn Ó Donnchadha trí uair ag Oireachtas na Gaeilge. Is é Corn Uí Riada an gradam is airde dá bhfuil ar fáil don amhránaíocht traidisiúnta ar an sean-nós agus ba mhór an ónóir Éamonn Ó Donncha a bheith i láthair ag Féile Pheadar Uí hEochaidh i dTír Eoghain. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas d’Éamonn ach tá sé ag cur faoi i Rath Cairn anois. I láthair fósta bhí a bhean chéile Máiréad Ní Cheallaigh. Is mór an ionspioráid a fuair Éamonn ó Mháighréad le bheith ag dul i mbun ceoil Beidh muid ag éisteacht le hamhrán nó dhó ó Mhaighréad níos moille ach roimhe sin cluinfidh muid Éamonn agus é ag ceol leagain Chonamara d’amhrán as Cúige Uladh – Is é sin An Bonnán Buí a chum Cathal Buí Mac Giolla Ghunna.

Éamonn Ó Donncha – An Bonnán Buí – 5:06

Mar a dúirt mé cheana féin bhí bean chéile Éamoinn Uí Dhonncha – Máiréad Ní Chealla i láthair ag an Fhéile. Is as Leitir Mór i gCeantar na nOileán Conamara í Maighréad agus is léir gur thóg sí na hamhráin dhúchais léi ón chliabhán.

Seo chugaibh anois í agus í ag canadh Tomás Bán Mac Aogáin

Maighréad Ní Chealla – Tomás Bán Mac Aogáin  – 5:34

Thóg muid sos ón cheol agus thosaigh muid ar an chainte. Is Peadar Ó hEochaidh a bheadh sásta leis an chomhluadar. Bhí ceapairí agus stobhac agus cupáin tae déanta agus Francis agus Mary Clarke dúinn.

Is Coillidh Clochair i gContae Thír Eoghain an chéad cheoltóir eile agus creid é nó ná creid an chéad amhrán eile “Ó Ró Sé do Bheatha Bhaile”. I ndiaidh Amhráin na bhFiann is dócha gur seo an t-amhrán is cáiliúla ar fad sa Ghaeilge ach is é Pádraig Mac Piarais a chuir na focail leis an leagan atá i mbéal an phobail inniu. Míníonn Peadar Ó hEochaidh gur as Coillidh Clochair ó thús an t-amhrán seo. Éistfidh muid le Peadar ag aithris leagain Choillidh Chlochair den amhrán agus ansin cluinfidh muid píosa faoi bhunús an amhráin chéanna ó bhéal Pheadair féin.

Ó Ró ’sé do Bheatha ’bhaile

Amhrán eile Eoghanach a bhí ag Cathal Ó Donnaille as Baile na Scréine i gcontae Dhoire – seo gairmshlua catha na Néilleach – Máirseáil Chlann Uí Néill.

Cathal Ó Donnaille – Máirseáil Chlann Uí Néill

Chuir muid deireadh le siamsa na hoíche sin, céadoíche Fhéile Pheadar Uí Eochaidh, le hamhráin agus le foinn. Chuir Mary Clarke tae agus anraith, stobhac agus ceapairí ar fáil dúinn. Agus is iad a bhí blasta tar éis oíche fhada ceoil agus amhráin.

Maidin lá arna mhárach thriall muid ar ais ar Thearmann Mhig Oirc i ndiaidh codhladh fada suaimhneach i dtíthe saoire sa Chréagán áit a bhfuil ionad breá pobail. Bhí tírdhreach álainn lár Thír Eoghain le feiceáil go soiléir le solas lae agus b’aoibheann liom a bheith ar ais sa tseanteach le haghaidh níos mó ceoil agus amhrán an t-am seo le buaiteoirí Fhleadh Cheoil na hÉireann.  CLuinfidh muid anois James McCaffery as an Droim Mhór contae Thír Eoghain agus é ag seinm na feadóige móire in éineacht le Martin Treacy an an Bhotha i gcontae Fhear Manach.

Ríleanna Martin Treacy agus James McCaffery

Tá sibh ag éisteacht le eagrán speisialta d’Aos Ceoil anseo ar Raidió Fáilte agus muid i dTearmann MhigOirc, An Créagán Chontae Thír Eoghain le haghaidh Féile Pheadair Joe Uí hEochaidh.

Chuala muid  Martin Treacy agus James McCaffery ansin ar an bhosca ceoil agus ar an fheadóg mhór – beirt a bhfuil scoth an cheoil acu.

I láthair in éineacht le Martin agus James bhí beirt as Fear Manach mar atá Séamas McPhillips agus John Breen. Thóg Séamas agus John an ceol ón chliabhán agus tá seanstíl Fhear Manach le háireamh ar a gcuid ceoil. Seo chugaibh anois iad agus iad ag seinm . . .

Is le píosa ceoil ó Martin Treacy agus James McCaffery atá muid ag gabháil sibh a fhágáil.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na ceoltóirí ar fad a ghlac páirt sa chlár seo agus le Mary agus Francis Clarke as an fháilte fial a chur siad romhainn. Ó Aos Ceoil ag Féile Pheadair Uí hEochaidh i dTearmann Mhig Oirc Contae Thír Eoghain – slán agus beannacht.

 

 

 

Micheál Ó Beaglaoích – Dingle Bay

Dingle Bay

An Ciarraíoch ag tábla an dinnéir . . .

Bhuail mé féin le Micheál don chéad uair agus mé ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne sa bhliain 2012. Bhí mé istigh i gcaifé agus ní raibh aon suíochán fágtha ann mar sin chuir mé ceist ar fhear an dtiocfadh liom suí ag an tábla in aice leis. Chuir sé fáilte romham agus thosaigh muid ag comhrá. Fuair mé amach gur duine de chlann ceolmhar Uí Bheaglaoích a bhí ann agus gur amhránaí é féin. Thaitin a chomhluadar agus a chomhrá liom, d’inis sé domh go raibh neart cairde aige sa tuaisceart agus ba mhinic a tháinig sé a fhad taobh tíre s’againn rud a raibh meas agam dó.

Féile Pheadar Joe Uí Eochaidh

Bhuail mé le Micheál arís. Mí Dheireadh Fómhair a bhí ann sa bhliain 2014 agus bhí cuireadh faighte agam taifead a dhéanamh ar Fhéile bheag le haghaidh Raidió Fáilte a bhíonn ar siúl i gcontae Thír Eoghain. Bhí sé ag stealladh báistí nuair a bhain mise agus mo chailínchara an Ómaigh amach ar sheirbhís bus de chuid Ulsterbus agus bhuail muid le bean chéile an eagraitheora a thug síob dúinn fríd dorchadas agus fliúche dhúiche lár Thír Eoghain. Ní raibh aon dabht ann ach go raibh muid in áit iargúlta. Bhí muid ar an bhóthar ar feadh b’fhéidir 35 bomaite sular bhain muid ceann scríbe amach. Bhí imithe againn ón phríomhbhóthar thart ar 10 mbomaite roimhe sin agus lean muid na seanróid bheaga chúnga a fhad le teachín beag bídeach a raibh tine cnáimhe lásta taobh amuigh dó. Teach Pheadar Joe Uí hEochaidh – seanchaí deireanach chontae Thír Eoghain agus ceann de na cainteoirí dúchais deireanacha i bparóiste Thearmann Mhic Oirc. Gach bliain eagraíonn a gharmhac Francis Clarke féile in ónóir dó insan seanteach a bhí aige áit a ba ghnách lena sheanathair Teach Airnéil a bheith aige.

Tá an clár a rinne mé ag Féile Pheadair Uí Eochaidh le fáil anseo

Is fanach an áit a bhfaighfeá gliomach . . .

Istigh sa teach romhainn bhí Micheál Ó Beaglaoích agus é in éineacht cuid de na ceoltóirí is fearr sean-nóis sa tír chomh maith le scéalaithe agus amhránaithe traidisiúnta as an cheantar. A leithéidí Éamonn Ó Donncha a bhfuil Corn Uí Riada buaite aige trí huaire agus a bhean chéile Máiréad Ní Cheallaigh amhraí galánta as Chonamara. Bhí an-oíche go deo againn i dteachín beag Pheadar Joe Uí hEochaidh i lár Thír Eoghain.

Chonachthas domhsa nach raibh deireadh leis an stór amhrán a bhí ag Micheál. Cheol sé amhrán i ndiaidh amhráin agus bhí idir rithim agus cumhacht ag baint lena ghlór.

Micheál Ó Beaglaoích – Dingle Bay

Osclaíonn an t-albam is déanaí leis an Chiarraíoch de chlann cáiliúil ceolmhar Uí Bheaglaoích le ceann de mhóramhráin thraidisiúnta an Bhéarla, mar atá The Night Visiting Song. Tá sé máisithe le cúléifeachtaí.

Níl an t-albam seo gann ar amhráin mhóra na Gaeilge ach oiread, orthu sin tá an Draighneán Donn, nó “An tAmhrán” mar a thugtar air in amanna; Ar Éireann ní Neosfainn Cé h-Í; Cailín Deas Cruite na mBó.

Tá guth láidir lán ag Micheál Ó Beaglaoích agus tá sé ina mháistir ar na hamhráin móra Gaeilge seo. Tig siad amach as ina sruth líofa gan mórán stró. Is léir go bhfuil sé ar a shuaimhneas agus é ag ceol na móramhrán Gaeilge.

Is ar a shuaimneas a thaifead Micheál an t-albam seo. Corruair cluinfidh tú leathanaigh  dá dtiontú nó fuaim eile ach dar liom go gcuireann sé seo uilig leis an albam mar nach gcluinfidh tú ann ach talann nadúrtha Mhicheáil.

Meascán d’amhráin atá le fáil ar an albam, idir Ghaeilge agus Bhéarla, amhráin ghrá agus chumhaí áite, chomh maith le corramhrán cráifeach. Bheadh an t-albam seo ina bhronntanas deas do dhuine ar bith de do ghaolta a bhfuil dúil acu san amhránaíocht traidisiúnta.

I mbliana beidh Micheál ag cur isteach ar Chorn Chonamara ag Oireachtas na Gaeilge agus tá mé ag dúil go mór lena chluinstin ag ceol ann.

CELT

Screenshot 2014-08-20 20.35.08

Is fada mé ag léamh ábhar a chuirtear ar fáil ar CELT – is é sin Corpus of Electronic Texts Tionscadal de chuid Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ann atá bailiúchán de chuid de na téacsanna agus caipéisí is tábhachtaí i stair na hÉireann ó ré na Sean-Ghaeilge Clasaicí ar aghaidh. Tá téacsanna Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge ann. A leithéidí Táin Bó Cuailgne, Longes mac n-Uislenn, Cúirt an Mheánoíche, Annála na gCeithre Máistrí, na scéalta Rúraíochta agus Fiannaíochta. Ní hamháin sin ach tá téacsanna Francaise na Normannach le fáil ann, téacsanna Laidine as Éirinn agus aistriúchán go Béarla ar na téacsanna móra Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá saothar i mBéarla le fáil ann: saothar ó Jonathan Swift, Oscar Wilde, Pádraig Mac Piarais, James Connolly, William Butler Yeats agus Michael Collins.

Ar na seoda a d’aimsigh mé ann tá bailiúchán d’annála gearra a foilsíodh i Memoranda Gadelica, agus baint acu le seantuath (seanríocht) de chuid Chontae an Dúin, mar atá Uí Eachach Cobha agus clann Mhic Aonghusa. Ba le Clann Mhic Aonghusa an chuid is mó den talamh sa cheantar seo i lár Chontae an Dúin le linn an 16ú haois. Tar éis Imeacht na nIarlaí i 1607 agus na cathanna agus díshealbhú agus díol talún a lean sin bhí siad ag cailleadh a ngreama ar an talún ar feadh céad bliain ina dhiaidh sin. Sna hannála seo tá sampla againn den mhéid a bhí ag tarlú san aimsir chorrach sin don sean-Ord Gaelach http://www.ucc.ie/celt/published/G100022A/

Seo cúpla sampla as:

MG1607.1

Earla Thíre Eoghain agus Earla Thíre Conuill ar b-fágbháil na h-Erionna 14 Septembris.

MG1629.1

Ocht g-céad bliaghan go bás Airt Scilicet tighearna Ibheach
‘s a n-dúbladh an annail oirdheirc
sí ‘na riaghail chneasda creid
‘s bliaghain theasda do thriochad.10

MG1649.1

Bas Eoghain mic Airt Uí Néill 8 Novembris
aois mic Dá dearbhthar annséin
léan Gaoidheal do éirghe as
míle sé chéad a chunntas
bláth na mbeachthréad a ghrádh rom ghoin
is leathchéd amháin acht bliaghain.

Foinse: http://www.ucc.ie/celt/published/G100022A/

Port na Binne Uaine

Port na Binne Uaine

Chaith mé an Satharn seo i bPort na Binne Uaine, baile beag cois fharraige ar chósta thuaidh na hÉireann, i gcontae Dhoire. Ar lá geal bíonn radharc fairsing uaidh ar Inis Eoghain, cósta Dhoire agus Oileán Íle na hAlban go fiú ach inné bhí an spéir dubh dorcha agus bhí dreach scáfara ar mhuir agus ar thír.

SAM_0191Portstewart an t-ainm Béarla ar an bhaile. Is é an tUasal John Cromie a bhunaigh é sa bhliain 1792. Port na Binne Uaine a bhí uirthi roimhe sin agus is é seo a thugtar uirthi fós sa Ghaeilge. Tá an tsean-logainm caomhnaithe in ainm an bhaile fearainn Isle of Benoney. Tá tuilleadh eolais faoi logainmneacha sa cheantar le fáil anseo: http://www.logainm.ie/ga/58464

Ar na foirgnimh is suntasaí ar an bhaile tá Coláiste Doiminiceach Naomh Mhuire. Meánscoil Chaitliceach le haghaidh buachaillí agus cailíní agus clochar de chuid Ord na nDoiminiceach. Caisleán Uí hEadhra an bunainm a bhí air.  Thóg Anraí Ó hEadhra é sa bhliain 1834. Díoladh é le Ord na nDoiminiceach sa bhliain 1917 agus is scoil é ó shin i leith.

Radharc ar Choláiste na nDoiminiceach - Port na Binne Uaine

Radharc ar Choláiste na nDoiminiceach – Port na Binne Uaine

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Taobh thiar den Choláiste tá “The Nuns’ Walk” nó Coischéim na Mná Rialta (is liomsa an t-aistriúchán go Gaeilge) casán tuairim is dhá mhíle ar fad idir baile Phort na Binne Uaine agus an trá.

Coischéim na Mná Rialta

Ar an bhealach go dtí an trá tiocfaidh tú air Portnahapple – is cosúil gur as Port an Chapaill/Port na gCaiple a thig an logainm seo. Is ann atá teachín mar aon le port beag bídeach a thóg na hiascairí bradán thart fán bhliain 1600 – Berne Salmon Fishery. 

Berne Salmon Fishery 2

Port an Chapaill/Port na gCaiple

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is é seoid rúnda Phort na Binne Uaine ná an trá ghalánta atá thart ar dhá mhíle ar fad. Tá dumcha galánta gaineamhacha taobh thiar den trá. Ag ceann na trá tiocfaidh tú ar bhéal na Banna an áit a dtéann an dara abhainn is faide in Éirinn isteach san Aigéan Atlantach .i. an Bhanna. Tá scoth an dúlra le fáil fá bhruacha na Banna agus is ann a chífidh tú an iliomad cineál éan.

Trá Phort na Binne Uaine

 

 

 

 

 

 

Tá Port na Binne Uaine gar do mo chroí óir is ann a chónaigh mé fad agus a bhí mé mar mhac léinn Gaeilge in Ollscoil Uladh Chúil Raithin. Anuraidh chuaigh mé ar ais ann don chéad uair le deich mbliana agus mhúscail sé mo chroí. Is breá liom Port na Binne Uaine.

Cladach Phort an Chapaill

Foghlaim Spáinnis tríd an Ghaeilge: Scéal an tSicín

Foinse/Source http://commons.wikimedia.org/wiki/Category:Henny_Penny#mediaviewer/File:Henny_penny.JPG; An illustration from the story "Chicken Little" in the New Barnes Reader vol.1, New York, 1916

An illustration from the story “Chicken Little” in the New Barnes Reader vol.1, New York, 1916

Foinse/Source http://commons.wikimedia.org/wiki/Category:Henny_Penny#mediaviewer/File:Henny_penny.JPG;

Is cuimhin liom agus mé óg mo mháthair ag léamh domh an scéil faoi “Chicken Licken and Henny Penney”. Thit dearcán ar cheann Chicken Licken agus shíl sé go raibh an spéir i ndiaidh titm ar a cheann. Tá mo mháthair iontach maith ag léamh scéalta agus déanann sí é go fóill lena cuid garpháistí. Dhá bhliain ó shin thosaigh mé ag foghlaim na Spáinnise agus tháinig mé ar leabhar de chuid Earl Stanley Harrison An Elementary Spanish Reader a foilsíodh i 1912 http://www.spanish-kit.net/files/esh_elementary_spanish_reader.pdf a bhfuil scéalta bunúsacha as Spáinnis le fáil ann mar aon le gluais chun na focail agus graiméar a mhíniú.

D’aithnigh mé an chéad scéal “El Cuento del Pollo” “Chicken Licken and Henny Penney” a bhí ann. Bhí mé ar bís agus mé trí bliana d’aois arís i m’intinn! Sea, shíl mé gur maith an rud a leithéid chéanna bheith ar fáil i nGaeilge d’fhonn Spáinnis a fhoghlaim: Seo an iarracht a rinne mé chun é a aistriú. Tá an ghluais fós le theacht. Tabhair faoi deara go bhfuil an scéal san aimsir láithreach rud nach ndéanann ciall sa Ghaeilge ná sa Spáinnis ach rud atá úsáideach le haghaidh foghlama.

EL CUENTO DEL POLLO

Un día un pollo entra en un bosque. Una bellota cae en su cabeza. El pobre pollo cree que el cielo ha caído sobre él. Corre para informar al rey.

En el camino encuentra una gallina.

¿A dónde vas?– pregunta la gallina.

¡Oh!– dice el pollo,– el cielo ha caído en mi cabeza y voy a informar al rey.

–Yo voy también, si quieres,–responde la gallina y se marchan juntos el pollo y la gallina al palacio del rey.

En el camino encuentran un gallo.

¿A dónde vas?– pregunta el gallo a la gallina.

¡Oh!– dice la gallina – el cielo ha caído sobre la cabeza del pobre pollo y vamos a informar al rey.

Yo voy también, si quieres, – responde el gallo y se marchan juntos el pollo, la gallina y el gallo al palacio del rey.

En el camino encuentran un pato.

¿A dónde vas? – pregunta el pato al gallo.

¡Oh!–dice el gallo, – el cielo ha caído en la cabeza del pobre pollo y vamos a informar al rey.

Yo voy también, si quieres – responde el pato y se marchan juntos el pollo, la gallina, el gallo y el pato al palacio del rey.

En el camino encuentran un ganso.

¿A dónde vas? – pregunta el ganso al pato.

¡Oh! – dice el pato, – el cielo ha caído en la cabeza del pobre pollo y vamos a informar al rey.

Yo voy también, si quieres, – responde el ganso y se marchan juntos el pollo, la gallina, el gallo, el pato y el ganso al palacio del rey.

En el camino encuentran un pavo. El pavo quiere ir con ellos a informar al rey que el cielo ha caído. Ninguno de los pobres animales sabe el camino.

En este momento encuentran una zorra. La zorra dice que quiere enseñarles el camino al palacio del rey. Todos van con ella; pero ella los conduce a su cubil. Aquí la zorra y sus cachorros se comen el pobre pollo y la gallina y el gallo y el pato y el ganso y el pavo. Los pobres no van al palacio y no pueden informar al rey que el cielo ha caído sobre la cabeza del pobre pollo.

SCÉAL AN TSICÍN

Lá amháin chuaigh sicín isteach i gcoill. Titeann dearcán ar a cheann. Creideann an sicín bocht go bhfuil an spéir i ndiaidh titim air. Ritheann sé le fios a chur ar an rí.

Ar an bhealach buaileann sé le cearc.

Cá bhfuil tú ag dul? – a fhiafraíonn an chearc.

Ó! – a deir an sicín, – tá an spéir i ndiaidh titim ar mo cheann agus tá mé ag dul le fios a chur ar an Rí.

Rachaidh mise fosta, más maith leat – a fhreagraíonn an chearc agus imíonn siad leo le chéile, an sicín agus an chearc chuig palás an Rí.

Ar an bhealach buaileann siad le coileach.

Cá bhfuil tú ag dul? – a fhiafraíonn an coileach den chearc.

Ó! – a deir an chearc – tá an spéir i ndiaidh titim ar cheann an tsicín bhoicht agus tá muid ag dul le fios a chur ar an Rí.

Rachaidh mise fosta, más maith leat – a fhreagraíonn an coileach agus imíonn siad leo le chéile, an sicín, an chearc, agus an coileach chuig palás an Rí.

Ar an bhealach buaileann siad le lacha.

Cá bhfuil tú ag dul? – a fhiafraíonn an lacha den choileach

Ó! – a deir an coileach – tá an spéir i ndiaidh titim ar cheann an tsicín bhoicht agus tá muid ag dul le fios a chur ar an Rí.

Rachaidh mise fosta, más maith leat – a fhreagraíonn an lacha agus imíonn siad leo le chéile, an sicín, an chearc, an coileach, agus an lacha chuig palás an Rí.

Ar an bhealach buaileann siad le gé.

Cá bhfuil tú ag dul? – a fhiafraíonn an gé den lacha.

Ó! – a deir an lacha, – tá an spéir i ndiaidh titim ar cheann an tsicín bhoicht agus tá muid ag dul le fios a chur ar an Rí.

Rachaidh mise fosta, más maith leat – a fhreagraíonn an gé agus imíonn siad leo le chéile, an sicín, an chearc, an coileach, an lacha agus an gé chuig palás an Rí.

Ar an bhealach buaileann siad le turcaí. Ba mhaith leis an turcaí dul leo le fios a chur ar an Rí go bhfuil an spéir i ndiaidh titim. Níl a fhios ag ceann ar bith de na hainmhithe bochta an bealach.

Ar an bhomaite sin buaileann siad le sionnach. Deir an sionnach gur mhaith léi an bealach chuig palás an Rí a thaispeáint dóibh. Téann cách léi; ach tugann sí chuig a huaimh iad. Is ann a itheann an sionnach agus a cuid coileán an sicín bocht agus an chearc agus an coileach agus an lacha agus an gé agus an turcaí. Na hainmhithe bochta, ní théann siad chuig an phalás agus ní féidir leo fios a chur ar an Rí go bhfuil an spéir i ndiaidh titim ar cheann an tsicín bhoicht.

Mo bhuíochas d’Aonghus Ó hAlmhain a chuir ar mo shúile domh go bhfuil leagan traidisiúnta Gaeilge den scéal seo ann mar atá “Cearc an Phrompa” tá sé le fáil ar CD dar teideal Béal an Bhab agus é dhá léamh ag Bab Feirtéar. Rinne Cló Mhaigh Eo leagan chomh maith atá ar fáil ar http://www.leabhar.com/cearc.htm Scríofa ag Colmán Ó Raghallaigh Maisithe ag Annie West Foilsitheoir : Cló Mhaigh Eo. Rinne siad leagan Youtube de chomh maith agus é dhá léamh ag Colmán Ó Raghallaigh: